Killina Presentation Secondary School


Go to content

Aiste

Extra Curricular > Competition Archive

Comhgairdeas do Lisa Ni Dhuinn a bhuaigh an dara duais i gComórtas Aiste sa Rang sa nuachtán "Foinse" do mhi na Nollag agus na daltai eile sa rang a chuir isteach aisti. Moladh go hard iad as ucht caighdeán a n-aisti uilig.




Aiste: Tá spórt scriosta ag foréigean

Cad é an sainmhiniú ar spórt? Uair amháin, bhain daoine taitneamh as spórt - bhi tairbhe agus taitneamh le baint as. Sa lá atá inniu ann ámh, ni chuirtear an béim ceart ar spórt agus ceapaim go bhfuil spórt scriosta. Do roinnt daoine, is éalú ón réalachas é spórt. Ach, sa domhan nua-aimseartha tá spórt scriosta ag foréigean. Sa aiste seo pléifidh mé an argóint ar son an rúin thuas.

Sa tir seo tá áiseanna maith don spórt mar is gnó mór é an spórt anois. Déanann cleachtadh coirp maitheas don aigne agus don chorp ach tá údar imni ann mar ni chuirtear go leor béime ar spórt sa lá atá inniu ann. Nil a lán daoine ábalta deighleáil le na fadhbanna ina saoil agus casann siad go drugai nó alcól chun éalú a fháil. Tá fadhb na ndrugai agus fadhb an óil ag crá agus ag creimeadh cáil an spóirt. Is iomai gearáin a dhéantar faoi spórt na laethanta seo mar tá na cluichi an-gharbh agus an-fhoréigeanach, mar shampla na cluichi Gaelacha. Má tá an fhoireann ag imirt go dona cuirtear an milleán ar an réiteoir. I gcluiche Craobh Laighin idir Ród agus Palatine le déanai rinneadh ionsai ar an réiteoir agud dibriodh tacaitheoir Palatine as an gCumann Lúthcleas Gael de shior.

Dealraionn sé go bhfuil an duine aclai nios sláintiúla ach má fheicimid timpeall, feicimid daoine atá gafa le coiriúlacht agus foréigean. Nil mán suim ag na himreoiri sna rudai seo, mae dóibh siúd is é an bua an rud is tábhachtai. "briseann an dúchas tri shúile an chait", an seanfhocal atá cloiste ag gach duine ach is mithid dúinn rud éigean a dhéanamh gan amhras ar bith. "An bhfuil Liverpool nios fearr ná United?" Is cuma liom. "Cé acu is fearr - Contae Loch Garman nó Contae Uibh Fháili?". Dé Luain chaill Man Utd cluiche i gcoinne Celtic agus nuair a shiúl mé sios an halla scoile an lá dár gcionn chuala mé an gáire. Sin ceart go leor ar scoil ac go crua in áit eile.

"Is binn bal ina thost" ach ag gach cluiche bionn daoine ag screadail agus ag tabhairt ide béil agus cad faoi? Faoi an lucht tacaiochta, an réiteoir, an comórtas ....... Salaionn sé cáil an spóirt. Chonaiceamar an olcas i spórt nuair a bhi Ród agus Palatine ag imirt, agus Camross in aghaidh Baile An Chaisleáin i gContae Laoise. Nil cead acu imirt I gCraobh an Chontae an bhliain seo chugainn de dheasca foréigean.

Ach, nilim buartha amach is amach. Tá a lán rudai maith le rá faoi spórt. Nil lá dá dtéann thart nach mbionn trácht sna meáin chumarsáide ar spórt agus na foirne cáiliúla. Is iontach an áis é an spórt ach teastaionn rannpháirtiocht maith ó dhaoine nuair atá siad óg. Forbraionn spórt scileanna sóisialta ach chomh maith leis na scileana sin, forbaraionn spórt láidreacht. Anois, chun bheith ag imirt spóirt tá láidreacht agus paisean ó dhaoine. Ni maith liom an foréigean atá le feiceáil anois. Ach, nil an foréigean i ngach áit. Baineann an cuid is mó de dhaoine taitneamh as spórt. Is imeachtai sona do roinnt daoine nuair atá a bhfoireann ag imirt agus cé go gcailleann siad an cluiche ni fheictear an foréigean. Tá an cáil ar na réiteoiri go bhfuil siad go léir mi-chothrom ach nil sé tuillte acu - an foréigean atá le feiceál.

"Tá spórt scriosta sg foréigean", ni féidir a shéanadh ach gur deacair fadhb mar seo a réiteach agus nilim cinnte go bhfuilimid ábalta i a reiteach. Tá sé thar am againn aghaidh a thabhairt ar an gceist seo agus nios mó béime a chur ar an fior-spórt .


Home Page | About Us | News/Events Archive | Curriculum | Extra Curricular | Contact Us | Photo Gallery | Downloads | Site Map


© 2009 Killina Presentation Secondary School Today is [Now] | killina.ias@eircom.net

Back to content | Back to main menu